Lá Glas
24th Mar 2026
Bhí ceiliúradh iontach ar siúl inár scoil ar Lá Glas i mbliana. Bhí atmaisféar spleodrach le brath ar fud na scoile, agus ghlac daltaí agus múinteoirí páirt i ngníomhaíochtaí spraíúla éagsúla chun an lá speisialta seo a cheiliúradh.
Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh lenár bhfoirne tráth na gceist a d’éirigh thar barr leo agus a bhuaigh an comórtas. Léirigh siad eolas, scil agus obair fhoirne den scoth.
Maith sibh go léir a ghlac páirt agus a chuidigh leis an lá a dhéanamh chomh speisialta sin!
